Fáilte

Comhad Eolais ${PRODUCTNAME} ${PRODUCTVERSION}

Le haghaidh na nuashonruithe is déanaí don chomhad seo, féach ar http://www.openoffice.org/welcome/readme.html

A Úsáideoir, a chara

Tá eolas tábhachtach sa chomhad seo faoin gclár seo. Léigh é go cúramach roimh dhul i mbun oibre, le do thoil.

Ba mhaith le Comhphobal OpenOffice.org, ar a bhfuil sé de chúram an táirge seo a fhorbairt, cuireadh a thabhairt duit bheith i do bhall den chomhphobal. Agus tú i d'úsáideoir nua, tig leat eolas úsáideach a fháil ach cuairt a thabhairt ar shuíomh Gréasáin ${PRODUCTNAME} ag

http://www.openoffice.org/about_us/introduction.html

Léigh freisin an méid thíos faoi bheith páirteach i dtionscadal OpenOffice.org.

An bhfuil ${PRODUCTNAME} saor in aisce do chách, i ndáiríre?

Tá ${PRODUCTNAME} saor in aisce do chách. Tá cead agat an chóip seo de ${PRODUCTNAME} a shuiteáil ar an oiread ríomhairí agus is mian leat, agus é a úsáid le haghaidh cibé gnó a theastaíonn uait (tráchtáil, rialtas, riarachán poiblí agus oideachas san áireamh). Le haghaidh tuilleadh eolais, feic an téacs ceadúnais a tháinig le ${PRODUCTNAME} nóhttp://www.openoffice.org/license.html

Cén fáth a bhfuil ${PRODUCTNAME} saor in aisce do chách?

Tá tú in ann an chóip seo de ${PRODUCTNAME} a úsáid inniu saor in aisce mar thoradh ar an dearadh, forbairt, tástáil, aistriúchán, doiciméadú, tacaíocht, margaíocht agus cabhair eile a rinne rannpháirtithe aonair agus urraitheoirí corparáideacha ionas go mbeadh ${PRODUCTNAME} ar an bpríomhbhogearra oifige foinse oscailte.Má tá tú buíoch as a gcuid oibre, agus más mian leat cinntiú go leanfaidh OpenOffice.org amach anseo, smaoinigh le do thoil faoi bheith rannpháirteach sa tionscadal - feic http://contributing.openoffice.org le tuilleadh eolais a fháil. Is féidir le gach uile dhuine cabhrú linn.

Nótaí Suiteála

Riachtanais Chórais:

Tá réimse leathan de dháileacháin Linux, agus fiú i ndáileachán amháin is minic roghanna éagsúla suiteála a bheith ar fáil (KDE vs Gnome, srl.). Bíonn a leagan ‘dúchasach’ de ${PRODUCTNAME} ag dáileacháin áirithe, a d'fhéadfadh gnéithe a bheith iontu atá difriúil ón ${PRODUCTNAME} Comhphobail seo. Uaireanta is féidir an ${PRODUCTNAME} Comhphobail a shuiteáil ag an am céanna agus an leagan ‘dúchasach’. De ghnáth, áfach, bíonn níos sábháilte an leagan ‘dúchasach’ a bhaint roimh shuiteáil an leagan Comhphobail seo. Lorg eolas faoi conas é sin a dhéanamh i ndoiciméadú do dháileacháin.

Moltar duit cúltaca a dhéanamh ar do chóras nuair a shuiteálann tú bogearraí nua, nó nuair a bhaineann tú bogearraí ó do chóras.

Neamh-chomhoiriúnacht: Bunachar Sonraí Eisínteachta

Nuashonraíodh Berkeley DB sa leagan seo de ${PRODUCTNAME}. Mar gheall ar an nuashonrú seo, tá neamh-comhoiriúnacht nua ann a bhaineann le sonraí úsáideora le haghaidh eisínteachtaí a suiteáladh i leaganacha de ${PRODUCTNAME} roimh 3.2. Seans go mbeadh ort aire a thabhairt don fhadhb seo dá n-íosghrádófá ${PRODUCTNAME}.

Nuair a shuiteálfaidh nó a bhainfaidh tú eisínteachtaí, tiontóidh an leagan seo de ${PRODUCTNAME} do bhunachar sonraí eisínteachta go dtí formáid atá comhoiriúnach leis an Berkeley DB nua. Tar éis an tiontaithe, ní bheidh an bunachar sonraí inléite ag seanleaganacha de ${PRODUCTNAME}. Má íosghrádaíonn tú go dtí seanleagan de ${PRODUCTNAME}, ní oibreoidh sé mar is ceart.

Má íosghrádaíonn tú go dtí leagan níos sine de ${PRODUCTNAME}, ní mór duit comhadlann na sonraí úsáideora {user data}/uno_packages a bhaint, mar shampla ~/.openoffice.org/3/user/uno_packages, agus gach eisínteacht a athshuiteáil.

Fadhbanna le linn Thosú an Chláir

Má bhíonn fadhbanna tosaithe agat le ${PRODUCTNAME} (agus Gnome in úsáid agat go háirithe), díshocraigh an athróg thimpeallachta SESSION_MANAGER sa bhlaosc a úsáideann tú chun tús a chur le ${PRODUCTNAME}. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an líne "unset SESSION_MANAGER" a chur ag tús na scripte blaoisce soffice atá sa chomhadlann "[fillteán OpenOffice]/program".

Is minic tiománaí an chárta ghrafaice a bheith freagrach as fadhbanna i dtosú ${PRODUCTNAME} (m.sh. stopann feidhmchláir) chomh maith le fadhbanna i dtaispeáint ar an scáileán. Má tharlaíonn fadhbanna mar sin, nuashonraigh tiománaí do chárta ghrafaice nó bain triail as an tiománaí atá mar chuid de do chóras oibriúcháin. Go minic is féidir fadhbanna i dtaispeáint réada 3T a réiteach tríd an rogha "Úsáid OpenGL" a dhíchumasú in 'Uirlisí - Roghanna - ${PRODUCTNAME} - Amharc - Amharc 3T'.

Tabhair faoi deara go bhfuil seans ann nach n-oibreoidh cóipeáil-agus-greamaigh i bhformáid OpenOffice.org tríd an ghearrthaisce idir ${PRODUCTNAME} 1.x agus ${PRODUCTNAME} ${PRODUCTVERSION}. Más ea, roghnaigh 'Cuir in Eagar - Greamaigh Speisialta' agus roghnaigh formáid eile seachas ${PRODUCTNAME}, nó oscail an cháipéis go díreach in ${PRODUCTNAME} ${PRODUCTVERSION}.

Cinntigh go bhfuil go leor spás saor agat i gcomhadlann shealadach do chórais agus go bhfuil cead léite, scríofa agus reatha agat ann. Dún gach clár eile roimh thús a chur leis an tsuiteáil.

Aicearraí

Ní féidir ach aicearraí méarchláir nach bhfuil in úsáid ag an gcóras oibriúcháin a úsáid in ${PRODUCTNAME}. Mura n-oibríonn teaglaim eochracha in ${PRODUCTNAME} sa dóigh a ndéantar cur síos uirthi i gCabhair ${PRODUCTNAME}, féach an bhfuil an t-aicearra sin in úsáid cheana ag an gcóras oibriúcháin. Is féidir leat na heochracha atá socruithe ag do chóras a athrú chun coimhlintí mar seo a réiteach. Mar rogha air sin, is féidir beagnach socrú eochrach ar bith in ${PRODUCTNAME} a athrú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach i gcáipéisí cabhrach ${PRODUCTNAME} nó do chórais oibriúcháin.

Mar gheall ar choimhlint le hathrú an mhóid ionchurtha ar ardáin éagsúla, níor mhór na haicearraí seo a leanas a athrú le déanaí:

Glasáil Comhaid

Tá glasáil chomhad cumasaithe mar réamhshocrú in ${PRODUCTNAME}. Chun í a dhíchumasú, ní mór an athróg thimpeallachta cuí a shocrú mar SAL_ENABLE_FILE_LOCKING=0 agus SAL_ENABLE_FILE_LOCKING a easpórtáil. Tá na hiontrálacha seo san fhoirm chumasaithe cheana féin sa chomhad scripte soffice.

Rabhadh: is féidir an ghlasáil chomhad a bheith freagrach as fadhbanna le Solaris 2.5.1 agus 2.7 agus iad úsáidte le Linux NFS 2.0. Más amhlaidh do thimpeallacht chórais, moltar go láidir úsáid na glasála comhad a sheachaint. Murach sin, stopfaidh ${PRODUCTNAME} má dhéantar iarracht comhad a oscailt ó chomhadlann atá feistithe le NFS ó ríomhaire Linux.

Nótaí Tábhachtacha maidir le hInrochtaineacht

Chun tuilleadh eolais maidir le gnéithe inrochtaineachta ${PRODUCTNAME} a fháil, féach ar http://www.openoffice.org/access/.

Clárú

Caith seal beag, le do thoil, ag comhlánú an phróisis bhig chláraithe agus an bogearra á shuiteáil agat. Cé go bhfuil an clárú roghnach, molaimid duit é mar cabhróidh an t-eolas leis an gcomhphobal bogearra níos fearr a fhorbairt agus riachtanais na n-úsáideoirí a fhreagairt go díreach. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal ${PRODUCTNAME} gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint. Má chaill tú an clárú ag am suiteála, is féidir leat filleadh agus clárú am ar bith trí "Cabhair > Clárú" a roghnú ón phríomh-roghchlár.

Suirbhé na nÚsáideoirí

Tá Suirbhé na nÚsáideoirí ar líne freisin agus molaimid duit é a líonadh. Cabhróidh torthaí an tsuirbhé le ${PRODUCTNAME} bogadh níos tapúla i dtreo ardchaighdeáin a bhaint amach i gcruthú an bhogearra oifige is nuaí. Lena Pholasaí Príobháideachais, déanann Comhphobal ${PRODUCTNAME} gach iarracht do shonraí pearsanta a chosaint.

Tacaíocht d'Úsáideoirí

Soláthraíonn an príomhleathanach tacaíochtahttp://support.openoffice.org/ábhair chabhrach éagsúla le haghaidh ${PRODUCTNAME}. Seans go bhfuil freagra ann cheana féin ar do cheist - féach san Fhóram Comhphobail.http://user.services.openoffice.org nó cuardaigh cartlanna an liosta ríomhphoist 'users@openoffice.org' ag http://www.openoffice.org/mail_list.html. Nó is féidir leat do cheisteanna a sheoladh chuig users@openoffice.org. Caithfidh tú liostáil leis an liosta chun freagra ríomhphoist a fháil. Tá treoracha ar fáil anseo: http://wiki.services.openoffice.org/wiki/Website/Content/help/mailinglists.

Féach freisin na ceisteanna coitianta ag http://wiki.services.openoffice.org/wiki/Documentation/FAQ.

Tabhair Tuairiscí ar Fhadhbanna agus ar Fhabhtanna

Is ar shuíomh Gréasáin ${PRODUCTNAME} atá IssueZilla, an córas s'againne le haghaidh tuairiscí a thabhairt ar fhadhbanna agus ar fhabhtanna, iad a leanúint, agus iad a réiteach. Tá gach aon úsáideoir i dteideal, agus fáilte rompu, tuairisc a thabhairt ar fhadhbanna a tharlaíonn ar a n-ardán féin. Is é tuairisciú beo ar fhadhbanna ceann de na rudaí is tábhachtaí ar féidir le comhphobal na n-úsáideoirí a thabhairt d'fhorbairt agus d'fheabhsú an bhogearra.

Conas a Bheith Páirteach

Rachadh sé go mór chun sochair Chomhphobal ${PRODUCTNAME} dá mbeifeá páirteach gníomhach i bhforbairt an tionscadail thábhachtaigh seo foinsí oscailte.

Agus tú i d'úsáideoir, is cuid luachmhar de phróiseas forbartha an bhogearra tú cheana, agus ba mhaith linn tú a spreagadh chun ról níos gníomhaí fós a bheith agat d'fhonn bheith i do chuiditheoir leis an gcomhphobal go fadtéarmach. Glac páirt, le do thoil, agus féach ar leathanach na n-úsáideoirí ag: http://www.openoffice.org

Conas Tosú

Is éard ab fhearr a dhéanamh le tosú ag cuidiú ná clárú le liosta nó dhó, bí ag cúlchoimhéad ar feadh tamall, agus na cartlanna ríomhphoist a úsáid chun taithí a fháil ar na hábhair a pléadh ó scaoileadh amach cód foinseach ${PRODUCTNAME} i mí Dheireadh Fómhair 2000. Nuair a bheidh tú ar do shuaimhneas, níl le déanamh ach teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chun tú féin a chur in aithne do dhaoine, agus ar aghaidh leat. Má tá taithí agat ar thionscadail fhoinsí oscailte, féach an bhfuil aon rud a d'fhéadfá cabhrú leis ar ár liosta de rudaí atá le déanamh ag http://development.openoffice.org/todo.html.

Liostáil

Seo roinnt de liostaí ríomhphoist an tionscadail ar féidir leat clárú leo ag http://www.openoffice.org/mail_list.html

Bí Páirteach i dTionscadail

Is féidir leatsa cabhrú go mór leis an tionscadal tábhachtach foinsí oscailte seo fiú mura bhfuil agat ach beagán taithí ar dhearadh bogearraí nó ar ríomhchlárú. Tusa!

Ag http://projects.openoffice.org/index.html gheobhaidh tú raon tionscadal ó Logánú, Iompar agus Bogearraí Grúpa, go tionscadail chódála. Mura bhfuil tú i d'fhorbróir, féach ar an Tionscadal Doiciméadaithe nó ar an Tionscadal Margaíochta. Tá Tionscadal Margaíochta OpenOffice.org ag úsáid modhanna traidisiúnta tráchtála agus modhanna nua chun bogearraí le foinsí oscailte a chur ar an margadh, agus déantar é thar theorainneacha teanga agus cultúir. Mar sin, is féidir leat cabhrú tríd an scéal a scaipeadh agus eolas a thabhairt do do chairde faoin mbogearra oifige seo.

Is féidir leat cabhrú trí pháirt a ghlacadh anseo sa Ghréasán Margaíochta, Cumarsáide agus Eolais: http://marketing.openoffice.org/contacts.html áit inar féidir leat teagmháil a sholáthar leis na meáin, gníomhaireachtaí rialtais, comhairleoirí, scoileanna, grúpaí úsáideoirí Linux agus forbróirí i do thír agus i do chomhphobal féin.

Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as bheith ag obair le ${PRODUCTNAME} ${PRODUCTVERSION} agus go mbeidh tú linn ar líne.

Comhphobal OpenOffice.org

Cód Foinseach Úsáidte/Athraithe

Portions Copyright 1998, 1999 James Clark. Portions Copyright 1996, 1998 Netscape Communications Corporation.